25.10.15

Tá mé ag fás!


Inniú tá céilúradh ar súil sa teach s'againne. Tá sprioch aoise scriosta ag fear a' tí.

Fadó! fadó! (1946)
Nach aisteach an rud é aois? An ionann an duine atá ag scríobh seo agus an "sean duine dóite" a tháinig ar an saol agus an Cogadh mór domhanda díreach thart? Ina aigne níl aon difir ann. Mothaíonn sé chomh óg agus a mhothaigh sé sna caogadaí ach cuimhne air ar eachtraí éagsúla sa chlann agus diadh ar ndiaidh ar chúrsaí taobh amuigh de. Eachtraí mar an Flying Enterprise agus crógacht Captain Carlson. Bás daoine mór le rá mar Rí Seoirse VI Shasana, Stalin agus Píus XII, agus Éirí Amach na Hungáire agus gan a bheith i ndán tuiscint cén fáth nar thug "An Iarthair" cabhair don náisiún beag san. Sputnik!

Ansin na seascaidí - Yuri Gagarin; Bás JFK; Idéalachas an óige, trial as saol na mBráthar agus múinteoireachta; suim sa Ghaeilge;  Comóradh 1916 agus céad chuairt ar an Ghaeltacht; Suim sa Chreidimh - Blian Phádraig Eoin XXIII agus Comhairle na Vatacáine; Ionradh na Seicslóvaice; Cúrsaí Ghnó agus tréanáil sa Ghearmáin; Cearta Sibhialta na Gaeltachta; Iarconnacht 85; An Réalt.

Na seachtóidí: Deora ag bás ró-luath Sheáin Uí Riada; Scoil Dhún Chaoin; Grá agus pósadh agus páistí - nach íontach an méid atá i bhfolach sna trí fhocal sin? Masla an Rialtais ar Chearbhail Ó Dálaigh, Uachtarán na hÉireann; Cuairt Eoin Pól II go hÉireann.

Sna h-ochtóidí: Céad cuairt ar Meiriceá; Obair go chrua; deireadh na chomhlachta sa lag trá eacnamaíochta; I Sasana ag lorg obair; Teacht agus imeacht an galar dubhach; Is dócha gur dubh iad na cuimhne den ndeich mbliana sin - ach aisteach an rud é nach féidir smaoineamh ar rudaí taobh amuigh den saol pearsanta?

Sna nóchaidí: Feabhas ar chúrsaí agus amach ó tholán an bhuandhurachadais; Tosach Read-out agus arís ábalta cuimhneamh ar chúrsaí taobh amuigh; An gluaiseacht charasmatach a chabhraigh go mór le cúrsaí pearsanta; Na páistí ag fás aníos; Titim bhalla Bherlin; Charlie & Garrett; Na céad scéalta faoi mí-úsaid leanaí agus páistí ag sagairt; Táiríde na mban sna "Tearmain Magdaláine!"

An fichiú h-aonú aois, an fabht mílaoiseach nár thárla. Na páistí fásta? Gluaiseacht thiar, cónaí sa Ghaeltacht faoi dheireadh (Iarchonnacht 1985 sa bhlian 2003!). An t-idirlín ann nó as? Bás tuismitheoirí; Acht teanga agus Coimisinéir Teanga; Ionadaí i ngluaiseacht proifisiúnta domhanda - turasanna chuig tíortha éagsúla, Meiriceá agus mórthír na hÉorpa. Teip ar eacnaíomht na tíre; Easpa muinín san Eaglais, sa Stáit, san chóras baincéireachta, sa Rialtas, san Eoraip.

Agus anois? Fós ann. Sláintiúil agus slánchéillí (?).

Agus fós le teacht - nach bhfuil sé ráite ag bárd mór Shasana:
"... Last scene of all,
That ends this strange eventful history,
Is second childishness and mere oblivion,
Sans teeth, sans eyes, sans taste, sans everything."

Ach i ndairíre is le dóchas dírítear ar an saol sna todhchaí de bharr uisce an bháiste mar a dúirt Peadair Aspal fadó:
    "...Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.  Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheasláimh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó."

Buíochas le Dia. "Amen. Tar, a Thiarna Íosa."

2 comments:

  1. Comhghairdeas as do sprioc aoise, cibé atá scríofa ar an gcloch míle sin agat.
    Deir Gaeilge na hAlban: Cha tig an aois leatha fhéin .i. ní lei fhéin a thagann an aois. Ach guím nach mbeish siad ina ualach agat.
    Beir bua,

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Comhghairdeachas, agus go maire tú na blianta fada i do dhiaidh agus romhat amach!

    ReplyDelete